Tá sraith acmhainní ar líne faoin máithreachas atá saor in aisce agus atá dírithe ar mhná, ar mháithreacha agus ar ghairmithe cúraim sláinte, seolta ag Scoil an Altranais agus an Chnáimhseachais i gColáiste na Tríonóide.
11 Dec 2019
Ceapadh Áine Ní Shúilleabháin, Oifigeach Gaeilge Choláiste na Tríonóide, mar Ambasadóir Alumni Fulbright don ollscoil.
12 Nov 2019
Nocht an t-údar Dave Rudden, a scríobhann leabhair do leanaí agus a bhfuil duaiseanna buaite aige, taispeántas de 80 leabhar lámhdhéanta a scríobh agus a mhaisigh leanaí scoile i mBaile Átha Cliath i Sean-Leabharlann íocónach Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath Dé Céadaoin an 10 Aibreán 2019.
14 May 2019
Thug na Gradaim aitheantas don obair atá ar siúl chun an Ghaeilge a chur chun cinn san ollscoil agus sa phobal i gcoitinne.
10 Apr 2019
Tá an-áthas ar Oifig na Gaeilge, Coláiste na Tríonóide, Gradaim na Gaeilge 2019 a fhógairt. Déanfaidh na gradaim an tréanobair atá ar bun ar son na Gaeilge i gColáiste na Tríonóide agus sa phobal a aithint. Is iad na catagóirí bronnta ná: Mac léinn aonair Ball foirne aonair Cumann mac léinn Seirbhís sa Choláiste Céimí […]
26 Mar 2019
The Irish Language Office of Trinity College Dublin is delighted to announce the Irish Language Awards 2019. The awards will recognise the exemplary work being carried out for the Irish language in Trinity and beyond. The award categories are: Individual student Individual staff member Student society College service Graduate We welcome nominations from all Trinity […]
Tá Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath ag tabhairt faoi thionscadal uaillmhianach idirnáisiúnta oidhreachta agus cultúir atá dírithe ar bheocht a chur arís i gcantaireacht agus i bpaidreacha dearmadta ón mheánaois a cumadh do naoimh mar Naomh Pádraig, Naomh Bríd agus Naomh Colmcille.
13 Mar 2019
Rinneadh ceiliúradh ar Lá Idirnáisiúnta UNESCO na Máthairtheangacha i gColáiste na Tríonóide. Cuireadh fáilte roimh Ciara Ní Eanacháin (Gaeilge), Sara Margrethe Oskal (Sámi) agus Matyas Le Brun (Briotáinis) le haghaidh oíche filíochta
27 Feb 2019
Tá Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath ag ceiliúradh digitiú ‘Apacailipsis Bhaile Átha Cliath’, ceann de mhórsheoda na Leabharlainne ón meánaois.
4 Feb 2019
Tá Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, ag seoladh tionscadal taighde ceannródaíoch inniu a thabharfaidh an stair cheilte a bhaineann le ceann de na foirgnimh Victeoiriacha is mó aithne i mBaile Átha Cliath chun solais arís.
17 Dec 2018
Posted on: 27 June 2022
Seolfaidh an Taoiseach Micheál Martin agus an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin T.D. Maoinchiste Annála Samhalta na hÉireann inniu (an 27 Meitheamh).
Den chéad uair le 100 bliain anuas, beidh an pobal in ann dul siar san am chun athchruthú fíorúil d’Oifig Thaifid Phoiblí na hÉireann agus a cuid bailiúcháin a iniúchadh, mar a bhí siad an oíche sular scriosadh iad sna Ceithre Cúirteanna i mBaile Átha Cliath ag tús an Chogaidh Chathartha.
Nuair a scriosadh Oifig Thaifid Phoiblí na hÉireann sa tine in 1922, cailleadh na céadta míle doiciméad luachmhar staire a bhain le gach gné de shaol na hÉireann — go deo, de réir dealraimh. Is taisce ollmhór é Maoinchiste Annála Samhalta na hÉireann de dhoiciméid ionaid a aimsíodh le déanaí i gcartlanna comhpháirtíochta ar fud an domhain. Ar fáil saor in aisce agus go buan ar líne, beidh gach duine a bhfuil spéis aige/aici i scéal na hÉireann in ann seacht gcéad bliain de stair na hÉireann a iniúchadh trí na mílte doiciméad inchuardaithe. (https://virtualtreasury.ie/)
Is toradh é Maoinchiste Annála Samhalta na hÉireann ar chlár taighde cúig bliana dar teideal ‘Thar 2022 Amach’, atá maoinithe ag an Stát. Faoi stiúir Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, tá Thar 2022 Amach tar éis imscrúdú stairiúil, caomhnú cartlainne, agus nuálaíocht theicniúil a thabhairt le chéile chun an chartlann a cailleadh ar an 30 Meitheamh 1922 a athshamhlú agus a athchruthú, trí theicneolaíochtaí digiteacha.
D’fhorbair staraithe i gColáiste na Tríonóide agus eolaithe ríomhaireachta in Ionad ADAPT SFI an clár taighde ceannródaíoch, i gcomhpháirtíocht le cúig phríomhpháirtí: Cartlann Náisiúnta na hÉireann, An Chartlann Náisiúnta (RA), Oifig Thaifid Phoiblí Thuaisceart Éireann, Coimisiún Lámhscríbhinní na hÉireann agus Leabharlann Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Oidhreacht fhiúntach is ea Maoinchiste Annála Samhalta na hÉireann do chlár an Stáit do Dheich mBliana na gCuimhneachán (2012-2023). Tá sé seo á chómhaoiniú ag Tionscadal Éire 2040 agus an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.
Sracfhéachaint ar Mhaoinchiste Annála Samhalta na hÉireann:
Ag labhairt roimh an seoladh, dúirt an Taoiseach Micheál Martin:
“Is oidhreacht bhuan agus fhiúntach é Maoinchiste Annála Samhalta na hÉireann do Dheich mBliana na gCuimhneachán. Is le muintir na hÉireann é, ag déanamh rochtain ar ár n-oidhreacht shaibhir chartlainne daonlathach agus ag déanamh ár stair chomhroinnte inrochtana do chách. Is acmhainn luachmhar stairiúil í do dhaoine de gach traidisiún ar fud an oileáin agus do gach duine ar fud an domhain a bhfuil sinsearacht Éireannach acu. Is éacht mhór í agus is teist í ar thiomantas agus ar dhúthracht fhoireann thionscadal Thar 2022 Amach.”
Dúirt an Tánaiste Leo Varadkar:
“Is tionscadal fíorspreagúil é seo a osclaíonn doirse nua do stair na hÉireann. Tugann sé saibhreas eolais ó áiteanna ar fud an domhain le chéile chun an méid a tharla in Éirinn a léiriú, agus cuidíonn sé leis na bearnaí a líonadh a d’eascair as an tine cháiliúil sin in 1922 in Oifig na dTaifead Poiblí. Tréaslaím leis an bhfoireann as beocht a chur sa tionscadal iontach seo.”
Dúirt an tAire Catherine Martin:
“Tá an teicneolaíocht nuálach atá taobh thiar de thionscadal Thar 2022 Amach iontach spreagúil agus is léiriú í ar cheannaireacht agus tallann na hÉireann i dtaighde agus nuálaíocht cheannródaíoch. Chuir Deich mBliana na gCuimhneachán acmhainní iontacha ar fáil dúinn, cosúil le Maoinchiste Annála Samhalta na hÉireann, chun cabhrú linn dul siar san am agus foghlaim faoinár stair, bunaithe ar an bhfianaise fhíorasach ar na himeachtaí a tharla. Nochtar gnéithe nár scrúdaíodh riamh dúinn, gnéithe a bhí dothuigthe nó dorochtana dúinn roimhe seo, ag ligean dúinn léargas agus dearcthaí nua a fháil. Is oidhreacht spreagúil agus marthanach í do Dheich mBliana na gCuimhneachán, a bhfuil an-áthas ar mo Roinn tacú leis faoi Thionscadal Éire 2040. Tá comhpháirtíocht agus flaithiúlacht na gcomhpháirtithe cartlainne agus an comhoibriú uile-oileáin agus idirnáisiúnta a eascraíonn as sin thar barr agus táimid iontach buíoch as.”
Dúirt Stiúrthóir Chlár ‘Thar 2022 Amach’ an Dr Peter Crooks, Ollamh Comhlach le Stair na Meánaoise, Coláiste na Tríonóide:
“Bhí an Taisce Taifead in Oifig Thaifid Phoiblí na hÉireann ar cheann de chartlanna móra na hEorpa. Chuir cailleadh cultúrtha tubaisteach na cartlainne in 1922 isteach ar ár dtuiscint ar stair na hÉireann. A bhuí le coimeád taifead mionchúiseach na nglúnta cartlannaithe, staraithe, cóipeálaithe, ginealeolaithe agus cléireach, caomhnaíodh na mílte cóipeanna agus tras-scríbhinní de thaifid na hÉireann a scaipeadh ar fud an domhain. Diaidh ar ndiaidh, tá beocht á chur ag staraithe, cartlannaithe agus eolaithe ríomhaireachta arís i dtaisce náisiúnta na hÉireann a scriosadh.” “Tógann Maoinchiste Annála Samhalta na hÉireann neart ó chomhpháirtíochtaí a nascann na comhpháirtithe anois le breis is 70 institiúid ar fud an domhain, lena n-áirítear Leabharlann na Comhdhála, SAM; Leabharlann Huntington California; Cartlann Pharlaiminteach Thithe na Parlaiminte sa RA agus Leabharlann Náisiúnta na hAstráile. Níos gaire don bhaile, ghlac cartlanna contae, leabharlanna ollscoile agus bailiúcháin phríobháideacha ar fud na hÉireann páirt san obair. De réir mar a thagann níos mó comhpháirtithe isteach agus de réir mar a chuirtear taifid stairiúla leis, leanfaidh an Maoinchiste ag fás.”
“Bhí an Taisce Taifead in Oifig Thaifid Phoiblí na hÉireann ar cheann de chartlanna móra na hEorpa. Chuir cailleadh cultúrtha tubaisteach na cartlainne in 1922 isteach ar ár dtuiscint ar stair na hÉireann. A bhuí le coimeád taifead mionchúiseach na nglúnta cartlannaithe, staraithe, cóipeálaithe, ginealeolaithe agus cléireach, caomhnaíodh na mílte cóipeanna agus tras-scríbhinní de thaifid na hÉireann a scaipeadh ar fud an domhain. Diaidh ar ndiaidh, tá beocht á chur ag staraithe, cartlannaithe agus eolaithe ríomhaireachta arís i dtaisce náisiúnta na hÉireann a scriosadh.”
“Tógann Maoinchiste Annála Samhalta na hÉireann neart ó chomhpháirtíochtaí a nascann na comhpháirtithe anois le breis is 70 institiúid ar fud an domhain, lena n-áirítear Leabharlann na Comhdhála, SAM; Leabharlann Huntington California; Cartlann Pharlaiminteach Thithe na Parlaiminte sa RA agus Leabharlann Náisiúnta na hAstráile. Níos gaire don bhaile, ghlac cartlanna contae, leabharlanna ollscoile agus bailiúcháin phríobháideacha ar fud na hÉireann páirt san obair. De réir mar a thagann níos mó comhpháirtithe isteach agus de réir mar a chuirtear taifid stairiúla leis, leanfaidh an Maoinchiste ag fás.”
Dúirt Propast Choláiste na Tríonoide, Dr Linda Doyle:
“Rinneadh taighde stairiúil a chomhcheangal le nuálaíocht teicneolaíochta chun an Maoinchiste seo a chruthú. Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh leis an bhfoireann in Ionad ADAPT i gColáiste na Tríonóide a d’oibrigh go cruthaitheach le staraithe agus cartlannaithe chun an taisce fíorúil seo a dhéanamh inrochtana don phobal. Is iontach an rud é go bhfuil an tsochaí in ann úsáid a bhaint as an teicneolaíocht ar an mbealach seo agus, tar éis dom an tionscadal seo a fheiceáil ag teacht chun cinn le ceithre bliana anuas, cuireann sé an-bhród orm an méid a léirítear inniu a fheiceáil.”
Dúirt an Dr Maurice Manning, Cathaoirleach Ghrúpa Sainchomhairleach na gCuimhneacháin Chéad Bliain:
“Siar sa bhliain 2018, bhí lúcháir ar an nGrúpa Sainchomhairleach tacú leis an gcoincheap taighde tosaigh atá mar bhonn agus thaca ag an Maoinchiste. Is fíor a rá gur sháraigh an méid a baineadh amach ó shin i leith an méid a rabhamar ag súil leis. Cruthaíonn Thar 2022 Amach deis iontach d’idir óg agus aosta chun an stair a iniúchadh agus foghlaim fúithi ar bhealach nach bhfacthas riamh cheana, bunaithe ar anailís fhíorasach agus ar fhionnachtain chartlainne. Is oidhreacht iontach agus bhuan é do Dheich mBliana na gCuimhneachán.
Fiona Tyrrell | Media Relations | [email protected] | +353 1 896 3551